Leas Sóisialta
Áirítear leis an Sochar Máithreachais an Sochar Linbh agus an íocaíocht de Lucht Cuardaigh Fostaíochta.
Áirítear leis an Sochar Máithreachais an Sochar Linbh agus an íocaíocht de Lucht Cuardaigh Fostaíochta.
0 torthaí
Saoráid chun d’ionad Intreo áitiúil, d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil agus d’oifig bhrainse áitiúil a aimsiú de réir an chontae.
Cárta tuairime ar líne trínar féidir aiseolas custaiméara a thabhairt don Roinn Coimirce Sóisialaí.
Is féidir aisíocaíochtaí ÁSPC a dhéanamh le fostóirí agus fostaithe sa chás gur íocadh ranníocaíochtaí trí bhotún.
Forbhreathnú ar an Deontas Oiriúnaithe Trealaimh san Ionad Oibre.
Íocaíocht sheachtainiúil a dhéantar do gach leanbh i do theaghlach, chun cabhrú le teaghlaigh aistriú ó leas sóisialach isteach san obair.
Cuireann an Scéim seo cúnamh airgeadais éigeandála ar fáil do theaghlaigh nach féidir leo íoc as costais atá ar riachtanais bhunúsacha díreach i ndiaidh tuile nó teagmhais drochaimsire.
Tugtar deis duit taisteal saor in aisce ar gach iompar poiblí de chuid an Stáit.
Cuireann an Scéim um Aisghabháil Sochar agus Chúnaimh ar chumas na Roinne luach íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh a bhaineann le breoiteacht a aisghabháil ó dhámhachtainí cúitimh a dhéantar le daoine de bharr éilimh ar dhíobhálacha pearsanta. Aisghabhtar na sochair ón gcúititheoir agus ní ón duine gortaithe.
Áis a thugann comhairle faoin Scéim Cóiríochta Cíosa, agus an áit le hiarratas a dhéanamh uirthi san áireamh.
Íocaíochtaí le gaolta marthanacha duine a d’fhéadfadh bás a fháil mar gheall ar thimpiste a tharla san obair nó mar gheall ar ghalar a bhaineann lena chuid oibre.
Má theastaíonn áit oibre níos inrochtana uait nó trealamh atá curtha in oiriúint chun do phost a dhéanamh, b’fhéidir go mbeifeá féin nó d’fhostóir in ann deontas a fháil i dtreo na gcostas a bhainfidh le háitreabh nó trealamh a oiriúnú.
Clár atá ceaptha chun cabhrú le daoine atá dífhostaithe le fada (nó atá faoi mhíbhuntáiste ar shlí eile) dul ar ais ag obair.
Maoiníonn sé tograí chun costas tacaíochtaí oiliúna agus cúrsaí oideachais do dhaoine a fhaigheann leas sóisialach a chlúdach.
Tugann MyGovID rochtain shlán, ar líne duit ar sheirbhísí rialtas na hÉireann.
Tá an tsaoráid asbhainte ag an bhfoinse ar fáil do chustaiméirí ar mian leo a gCáin Mhaoine Áitiúil a íoc i gcaitheamh tréimhse níos faide óna n-íocaíocht choimirce sóisialaí.
Treoir maidir leis an gCárta Saorthaistil a úsáid
Leis an áis is féidir leat aiseolas a thabhairt ar na seirbhísí arna soláthar ar an láithreán gréasáin leasa shóisialaigh.
Íocaíocht de réir tástála acmhainne d’fheirmeoirí ar ioncam íseal.
Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine d’iascairí a bhfuil ísealioncam acu.
Ciallaíonn Scéim na dTréimhsí Cúraim Baile go bhfuil sé níos éasca don chúramóir baile cáiliú do ráta níos airde den Phinsean Stáit (Ranníocaíoch) nuair a shlánaítear an aois phinsin.
Baintreachas: Íocaíocht aonuaire do bhaintreacha, do bhaintreacha fir nó do pháirtithe bhfuil leanaí cleithiúnacha acu.
Deontas a thugann deis do dhaoine atá caoch nó a bhfuil lagú amhairc orthu Léitheoir Pearsanta a fhostú.
Deontas a íoctar leis an duine a íocann costais sochraide duine éagtha a chomhlíonann coinníollacha áirithe.
Ceadaíonn an Deontas Tacaíochta Fiontraíochta (an DTF) don Roinn chun tacaíocht airgeadais a sholáthar d’fhiontair nua, anuas ar thacaíocht ioncaim a sholáthar faoin Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Oideachas (an LFFAO) agus faoin Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmach (an LFGT), do chuardaitheoirí poist atá faofa do na scéimeanna siúd. Níl an deontas ar fáil ach do dhaoine a bhfuil an LFFAO nó
Scéim arna dearadh chun rochtain tapa ar oiliúint ghearrthéarmach nó ar idirghabhálacha gaolmhara a mhaoiniú le haghaidh cuardaitheoirí poist aonair.
Cuireann sé ar chumas daoine bodhra nó a bhfuil moill éistigh orthu freastal ar agallamh poist le hateangaire comharthaíochta.
Scéim chun cabhrú le fostóirí san earnáil phríobháideach tacú le fostaithe breoite nó gortaithe.
Conas duine a ainmniú le d'íocaíochtaí leasa shóisialaigh a phiocadh suas thar do cheann
Saoráid trínar féidir leat coinne a dhéanamh chun iarratas a dhéanamh ar Chárta Seirbhíse Poiblí/Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí duit féin, do do theaghlach nó thar ceann duine nó grúpa.
Saoráid trínar féidir le cuardaitheoirí poist atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh fógra a thabhairt don Roinn Coimirce Sóisialaí faoin rún atá acu dul ar saoire.
Saoráid trínar féidir iarratas a dhéanamh ar Phinsean Ranníocach Baintrí/Baintrí Fir
Saoráid trínar féidir iarratas a dhéanamh ar Shochar Máithreachais.
Faoin scéim seo, bíonn ealaíontóirí gairmiúla a fhaigheann an Liúntas Cuardaitheora Poist díolmhaithe ó fhilleadh ar an obair sa chéad bhliain a bhíonn siad dífhostaithe.
Foirm chun trácht, moladh nó gearán a dhéanamh.
Foirm iarratais a iarraidh ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí.
Íocaíocht atá i gceist le Forlíonadh Cothaithe a chabhraíonn leis an gcostas a bhíonn ar aiste bia speisialta a ordaíonn do dhochtúir nó sainchomhairleoir ospidéil (ní íoctar é a thuilleadh le custaiméirí nua).
Íocaíocht de réir tástála acmhainne do dhaoine áirithe a bhfuil cónaí orthu i gcóiríocht phríobháideach ar cíos agus nach féidir leo íoc as costas na cóiríochta sin óna n-acmhainní féin.
Íocaíocht bhreise do dhaoine a fhaigheann Sochar Míchumais
Féadfaidh tú forlíonadh Liúntais Leasa Fhorlíontaigh a fháil chun cabhrú leat costais leanúnacha bhreise a íoc, costais nach féidir a bheith ag súil, le réasún, go n-íocfaidh tú as d’ioncam seachtainiúil.
Is saghas Sochair Cuardaitheora Poist agus íocaíochta tacaíochta ioncaim é an Fóirdheontas Oibre Gearr-ama. Tá sé ar fáil do dhaoine a chuirtear ar sheachtain oibre níos giorra iad ar bhonn sealadach.
How to sign up for a basic MyGovID account
Saoráid lena gcumasaítear d'úsáideoirí cruachóip d'fhoirm nó d'fhoilseachán ón Roinn Coimirce Sóisialaí a iarraidh.
Saoráid lena gcumasaítear d'úsáideoirí ráiteas faoi íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh a iarraidh.
Tionscnamh a fhágann go mbíonn sé níos éasca ag daoine faoi mhíchumas mothú slán ina gcinneadh iniúchadh a dhéanamh ar roghanna oibre agus príomhshochair a choimeád nuair a bhíonn siad ag obair.
Dreasacht fostóra is ea JobsPlus a spreagann fostóirí cuardaitheoirí poist a fhostú atá ar an mBeochlár
Íocaíocht de réir tástála acmhainne a dhéantar le mná atá faoi 66 bliain d’aois nach bhfuil aon leanaí cleithiúnacha acu, ar thréig a bhfear céile iad.
Íocaíocht de réir tástála acmhainne chun cabhrú ó thaobh an chostais a bhaineann le do bhaile cónaithe a théamh i rith an gheimhridh.
#####Ón 30 Meitheamh 2018 ar aghaidh, tá teidlíochtaí ag iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta in Éirinn faoin Treoir maidir le Dálaí Glactha ón AE (athmhúnlaithe). Cuirtear dálaí glactha ábhartha (is é sin, tithíocht, bia agus sochair ghaolmhara) ar fáil d’iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta ag an gcóiríocht a chuireann an Ghníomhaireacht Fáiltithe agus Imeasctha ar fáil.
Íocaíocht mhíosúil do leanbh atá faoi mhíchumas trom.
Cad é an Liúntas Cúramóra
Tugann an Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmaí tacaíocht do dhaoine a chaill a bpost agus atá ag iarraidh a ngnó féin a chur ar bun.
Tá Scéim an Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair ceaptha chun daoine atá dífhostaithe le fada a spreagadh le deiseanna féinfhostaíochta a ghlacadh ar láimh trí ligean dóibh cuid laghdaitheach dá n-íocaíocht leasa shóisialaigh a choinneáil.
*cruthúnas ar chónaitheacht (san áit ar cuí sin)
Liúntas seachtainiúil a íoctar le daoine faoi mhíchumas.
Méadú ar an Sochar Míthreorach atá á íoc le daoine a bhfuil gá acu le daoine chun cabhrú leo go laethúil ina mbaile cónaithe d’fhonn freastal ar a riachtanais phearsanta.
Íocaíocht sheachtainiúil le haghaidh daoine atá ina gcónaí ina n-aonar agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile á bhfáil acu cheana.
Íocaíocht chun cead a thabhairt do dhaoine a bhfuil íocaíochtaí áirithe á bhfáil acu páirt a ghlacadh i gcúrsaí oideachais dara nó tríú leibhéal.
Is íocaíocht de réir tástála acmhainne é seo a chabhraíonn le teaghlaigh an costas a bhaineann le héadaí agus bróga scoile a íoc.
Cuirfear ioncam ó d’fhostaíocht agus aon íocaíochtaí leasa shóisialaigh a bhféadfadh go bhfuil tú i dteideal a fháil go fóill san áireamh sa mheastachán.
Tairseach a ligeann duit seirbhísí leasa shóisialaigh a rochtain ar líne.
Íocaíocht bhreise do dhaoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus atá ina gcónaí ina n-aonair
Méadú ar íocaíocht leasa shóisialaigh do dhaoine a mhaireann ar oileáin áirithe amach ó chósta na hÉireann.
Méadú ar íocaíocht leasa shóisialaigh do dhaoine le duine fásta cáilithe a chomhlíonann coinníollacha áirithe.
Méadú ar íocaíocht leasa shóisialaigh do dhaoine le leanaí a chomhlíonann coinníollacha áirithe.
Liúntais a chabhraíonn leat íoc as na rudaí a theastaíonn ó do theaghlach.
Pinsean AE a éileamh má tá cónaí ort san AE nó thar lear
Is éard atá sa Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtí Shibialta Mharthanaigh (Ranníocach), ná íocaíocht sheachtainiúil don fhear céile, don bhean chéile nó do pháirtí sibhialta de dhuine éagtha. Ní mór duit nó do chéile/do pháirtí sibhialta éagtha dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) a bheith aige/aici.
Íocaíocht sheachtainiúil le daoine atá éagumasach chun oibre mar gheall ar bhreoiteacht fhadtréimhseach nó mar gheall ar mhíchumas fadtréimhseach agus atá faoi chumhdach an árachais shóisialaigh (ÁSPC).
Íocaíocht de réir tástála acmhainne a íoctar le daoine dalla agus le daoine lagamhairc ar a bhfuil gnáthchónaí in Éirinn.
Sochar árachais shóisialaigh ar féidir go gcáileoidh tú dó nuair a shlánóidh tú aois áirithe.
Ráiteas a iarraidh ar Welfare.ie nó le bheith curtha chugat sa phost
Ceadaítear le forálacha an Achta um Shaoire do Thuismitheoirí, 1998, arna leasú, le haithreacha agus le máithreacha saoire gan pá a thógáil chun aire a thabhairt dá gcuid leanaí óga. Is féidir leat saoire do thuismitheoirí a ghlacadh mar bhloc amháin de 18 seachtaine nó, ach cead a fháil ó d’fhostóir leis, mar bhloic níos lú ná sin, sínte amach thar thréimhse ama.
Cuirtear seirbhísí fiaclóireachta, súil-liachta agus cluasliachta ar fáil tríd an scéim seo d’oibrithe árachaithe, do dhaoine féinfhostaithe agus do dhaoine ar scor.
Bunaíodh Scéim Choimisiún Magdalen faoi mholtaí a d’eascair as Tuarascáil Choimisiún Magdalen an Uas. Breitheamh John Quirke 2013. Mhol an tuarascáil go gcuirfí scéim ex gratia i bhfeidhm láithreach a chuimseodh meascán de chnapshuim agus íocaíochtaí seachtainiúla airgid.
Scéim atá i gceist leis an Scéim Cúram Leanaí Iarscoile ar féidir leis cúram leanaí a sholáthar ar ráta laghdaithe do dhaoine atá ag filleadh ar an obair nó a bhfuil sochair áirithe á n-íoc leo.
##### Scéim trína dtugtar deis do dhaoine atá dífhostaithe go fadtéarmach obair pháirtaimseartha a dhéanamh agus liúntas seachtainiúil speisialta a fháil in ionad a n-íocaíocht cuardaitheora poist.
Scéim a chuireann dreasachtaí airgeadais ar fáil d’fhostóirí na hearnála príobháidí chun daoine faoi mhíchumas a fhostú.
Gheobhaidh tú deis leis seo costais chúram agus aire leighis a aisíoc leat, nach n-íocann FSS nó nach bhfuil cumhdaithe ag Scéim na Sochar Cóireála.
Tugtar maoiniú chun seirbhísí bia a sholáthar do leanaí scoile faoi mhíbhuntáiste.
Scéim chun teidlíochtaí páchoibhneasta fostaithe a bhfuil a bhfostóir dócmhainneach go dlíthiúil a chosaint.
Cuirtear ioncam forlíontach ar fáil tríd an scéim seo d’fheirmeoirí ar ioncam íseal agus d’iascairí nach mbíonn ábalta ar a mbeatha a shaothrú go leordhóthanach.
Clár socrúcháin taithí oibre atá dírithe ar chuardaitheoirí poist óga idir 18-24 bliain d’aois atá dífhostaithe go fadtéarmach nó atá ag déileáil le bacainní fostaíochta.
Clár socrúcháin taithí oibre atá dírithe ar chuardaitheoirí poist óga idir 18-24 bliana d'aois atá dífhostaithe go fadtéarmach nó a bhfuil bacainní eile ina gcoinne chun fostaíocht a fháil.
Scéim a sholáthraíonn cistiú d’fhostóirí na hearnála príobháidí d’Oiliúint ar Fheasacht ar Mhíchumas d’fhoireann a oibríonn le comhghleacaí atá faoi mhíchumas.
De bharr na Scéime seo, is fusa duit mar chúramaí baile cáiliú do ráta níos airde den Phinsean Stáit (Ranníocach).
Faisnéis ar na seirbhísí atá ar fáil do chuardaitheoirí poist ar MyWelfare.ie.
Saoráid lena gcumasaítear d'úsáideoirí éileamh iomarcaíochta a chur isteach ar líne.
Má tá iarratas á dhéanamh agat ar íocaíochtaí atá bunaithe ar árachas, ba cheart aon ranníocaíochtaí a rinneadh i mballstáit eile an AE/tíortha eile an LEE a chur san áireamh.
Treoir maidir le sochair atá ar fáil do dhaoine féinfhostaithe in Éirinn.
Saoráid trínar féidir iarratas a dhéanamh ar Shochar Atharthachta.
Íocaíocht leasa shóisialaigh a dhéantar le mná ar thréig a fear céile iad.
Conas iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta d’asláithreacht mar gheall ar COVID-19.
Íocaíocht do dhaoine atá dífhostaithe go hiomlán nó i bpáirt.
Íocaíocht do dhaoine idir 18 agus 66 bliain d’aois a éiríonn dífhostaithe go hiomlán nó go páirteach agus a d'íoc go leor ranníocaíochtaí árachais shóisialta pá-coibhneasa(ÁSPC).
Íocaíocht a dhéantar le daoine a fhágann an obair chun aire a thabhairt do dhuine nó do dhaoine a bhfuil gá aige/aici/acu le cúram agus aire lánaimseartha.
Íocaíocht le tuismitheoirí a ghlacann saoire do thuismitheoirí óna n-obair sa chéad bhliain de shaol a linbh.
Íocaíocht má chailleann tú cumais áirithe fhisiciúla nó mheabhrach mar thoradh ar rud éigin a tharlaíonn duit mar gheall ar d’obair.
Íocaíocht sheachtainiúil a dhéantar le mná torracha nó a bhfuil cothú cíche á dhéanamh acu a oibríonn ar dualgas oíche nó i dtimpeallachtaí baolacha.
Íocaíocht a dhéantar le duine fostaithe nó duine féinfhostaithe a dhéanann leanbh a uchtáil.
Pointe teagmhála aonair do gach taca fostaíochta agus ioncaim is ea Intreo.
Cuireann Seirbhís EmployAbility seirbhís tacaíochta fostaíochta ar fáil do dhaoine faoi mhíchumas agus a bhfuil gortuithe agus breoiteacht orthu.
The Temporary COVID-19 Wage Subsidy is a scheme which allow employers to pay their employees during the COVID-19 pandemic.
How to transfer a returning emigrant may transfer pension funds to Ireland.
Forléargas ar conas do thaifid a rochtain
Áis a cheadaíonn d’úsáideoirí calaois amhrasta leasa shóisialaigh a thabhairt le fios don Roinn Coimirce Sóisialaí.
Scéim phobail um shocrúcháin oibre ina gcuirtear deiseanna gearrthréimhseacha oibre ar fáil do dhaoine dífhostaithe.
Áireamhán le haghaidh teidlíochtaí iomarcaíochta féideartha a thomhas.
Íocaíocht a bhíonn ar fáil do dhaoine a thugann aire do dhílleachta.
Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin a chuirtear ar fáil d’fhostaithe a bhfuil leanaí acu.
Is tacú é do thuismitheoirí aonair atá ag tosú san fhórsa saothair agus leanaí óga acu.
Íocaíocht le fir agus mná atá faoi bhun 66 bliana d’aois agus atá ag tógáil clainne agus nach bhfuil ag comhchónaí
Íocaíocht aonair le cabhrú le híoc as caiteachas bunriachtanach aonuaire eisceachtúil.
Léargas Ginearálta ar íocaíochtaí iomarcaíochta.
Íocaíocht aon uaire a dhéantar le daoine nach mbeadh cáilithe de ghnáth do Liúntas Leasa Forlíontach ach a bhfuil riachtanas práinneach acu.
Is fréamhshamhail í seo - cabhróidh d’aiseolas linn é a fheabhsú